Scrúdú cainte: Meánleibhéal 1 (B1)

Home / Scrúdú cainte: Meánleibhéal 1 (B1)

Cad é atá i gceist leis an leibhéal seo?

Tá leibhéal Scrúdú Mheánleibhéal 1 (B1) ag teacht le leibhéal B1 den Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (2001). Seo thíos achoimre ar na rudaí is féidir le foghlaimeoirí a bhfuil Meánleibhéal 1 (B1) bainte amach acu a dhéanamh.

Ag an leibhéal seo, beidh na foghlaimeoirí in ann páirt a ghlacadh, gan aon réamhullmhúchán, i gcomhráite faoi rudaí is spéis leis an iarrthóir agus ar thopaicí coitianta a bhaineann lena ngnáthshaol féin (féach Siollabas Mheánleibhéal 1). Ba chóir go dtuigfeadh siad brí ghinearálta chláir theilifíse, nó teachtaireachtaí teileafóin. Ba cheart go mbeadh siad in ann páirt a ghlacadh i malartú tuairimí simplí maidir le hábhair a bhfuil taithí acu orthu, ach ní fhéadfaidís dearcadh casta a chur in iúl. Is í ‘an tsothuarthacht’ (predictability) is tábhachtaí ag an leibhéal seo

Cén leagan amach atá ar an scrúdú?

Is é seo an leagan amach atá ar an scrúdú cainte ag Meánleibhéal 1 (B1).

CuidAn fad amaAn cineál taiscNa feidhmeanna teanga
15- 6 nóiméadCuirtear ceisteanna ar an iarrthóir faoina s(h)aol laethúil (cúlra, áit chónaithe, teaghlach, saol an teaghlaigh, cúrsaí oibre, caitheamh aimsire, laethanta saoire, taisteal srl.)Ag tabhairt eolais. Ag léiriú tuairimí.
25-6 nóiméadAg insint scéal simplí: Tugtar sraith de 6 phictiúr don iarrthóir agus bíonn dhá nóiméad aige/aici le féachaint orthu. Ansin déanann an t-iarrthóir cur síos ar an mhéid atá ag tarlú sna pictiúir.Ag déanamh cur síos ar phictiúir ar an mhéid atá ag tarlú iontu. Féach samplaí anseo: NASC

Cad é a tharlaíonn le linn an scrúdaithe cainte?

  • Iarrthóir amháin a bheidh faoi scrúdú ag aon am ar leith. Beidh beirt scrúdaitheoirí i mbun an scrúdaithe. Beidh duine de na scrúdaitheoirí i mbun measúnachta ar feadh thréimhse an scrúdaithe agus ní bheidh sé/sí páirteach sa chomhrá. Beidh an scrúdaitheoir eile ag meas chumas an iarrthóra chomh maith, ach cuirfidh seisean/sise ceisteanna ar an iarrthóir agus déanfaidh sé/sí na tascanna a bheidh le déanamh ag an iarrthóir a riar.
  • Maidir le Cuid 2 den scrúdú, tugtar 2 nóiméad don iarrthóir le smaoineamh ar cad a déarfaidh sé/sí sula n-iarrtar air/uirthi cur síos a dhéanamh ar an scéal a léirítear sna pictiúir.
  • Déantar gach scrúdú cainte a thaifeadadh ar mhaithe le monatóireacht agus taighde.

Moltaí do mhúinteoirí atá ag ullmhú iarrthóirí don scrúdú cainte ag Mheánleibhéal 1 (B1)

  • Maidir le Cuid 1 (na ceisteanna ginearálta), is gnáth-thopaicí a bhaineann go dlúth le saol agus réimse spéise an iarrthóra a bheidh i gceist. Moltar do na hiarrthóirí freagraí loma a sheachaint agus gan píosaí a chur de ghlanmheabhair. Beifear ag súil go mbeidh na hiarrthóirí in ann tuairimí a nochtadh maidir leis na hábhair chomh maith le cur síos a dhéanamh ar rudaí a tharla dóibh féin san am a chuaigh thart agus pleananna atá acu.

Ba cheart dóibh iarracht a dhéanamh a gcuid freagraí a fhorbairt agus cúiseanna a thabhairt agus samplaí a chur ar fáil oiread agus is féidir. Féach, mar shampla, caint Iarrthóra 3 thíos. Ar ndóigh, tuigtear nach mbeidh caint aon iarrthóra ag an leibhéal seo saor ó locht ná ó bhotúin.

Scrúdaitheoir: An bhfuil tú ag freastal ar chúrsa Gaeilge faoi láthair?

Iarrthóir 1: Tá. Tá mé ag dul chuig rang sa chathair.

Iarrthóir 2: Rinne mé ceann an bhliain seo caite – bhí sé go maith.

Iarrthóir 3: Tá. Tá mé ag freastal ar chúrsa sa mheánscoil áitiúil. Bíonn sé ar siúl gach Luan agus bainim an-sult as de ghnáth. Déanaimid gramadach agus cluichí. Bíonn an ghramadach leadránach ach bíonn spórt againn leis na cluichí. Tá an múinteoir an-mhaith ar fad.

  • Maidir le Cuid 2 (an tsraith pictiúr) den scrúdú, tugtar 2 nóiméad don iarrthóir le smaoineamh ar cad a déarfaidh sé/sí sula n-iarrtar air/uirthi cur síos a dhéanamh ar na pictiúir. Ba cheart d’iarrthóirí an 2 nóiméad a fhaigheann siad a chaitheamh ag smaoineamh ar an scéal a léirítear sna pictiúir agus ar na príomhfhocail agus na príomhfhrásaí a bheidh in úsáid acu agus iad i mbun cainte. Léirítear scéal beag nó eachtra sa tsraith pictiúr agus beidh ar an iarrthóir an scéal a insint nó cur síos a dhéanamh ar an eachtra ag tosú le pictiúr 1 agus labhairt faoi gach ceann go dtí pictiúr 6. De ghnáth, is leor trí nó ceithre abairt faoi gach pictiúr. Ceann de na botúin is coitianta a dhéanann iarrthóirí sa chuid seo den scrúdú ná go ndéanann siad na haimsirí a mheascadh agus iad ag caint faoi na pictiúir. Moltar go láidir dóibh cloí le haimsir amháin. Mar shampla, má thosaíonn siad ag déanamh cur síos ar an scéal san aimsir chaite ba cheart dóibh cloí leis an aimsir sin sa chur síos iomlán.
  • Cuirtear tuairisc ar fáil gach bliain faoi fheidhmiú na scrúduithe ag na leibhéil éagsúla. Tugtar eolas sna tuairiscí maidir le cad é mar a d’éirigh leis na hiarrthóirí sna rannóga éagsúla agus tugtar comhairle agus moltaí úsáideacha maidir le botúin choitianta a dhéanann iarrthóirí sa scrúdú cainte. Tá Tuairisc Mheánleibhéal 1 (B1) lé fáil anseo nasc.

Cad é mar a dhéantar an scrúdú cainte a mharcáil?

  • Bronnfar marcanna ar iarrthóirí as a gcuid iarrachtaí le linn an scrúdaithe iomláin agus ní bhronnfar marcanna ar thascanna faoi leith.
  • Seo iad na gnéithe den teanga a ndéanfar measúnú orthu sa scrúdú cainte: Gramadach, Stór focal, Foghraíocht, Líofacht agus Cumarsáid. Tá dhá rud i gceist le cumas cumarsáide: (1) An féidir leis na hiarrthóirí a chruthú go bhfuil siad in ann déileáil le comhrá go réasúnta éifeachtach m.sh. soiléiriú a lorg nó a iarraidh ar dhuine rud a rá an dara huair, a rá go bhfuil rud éigin ann nach dtuigeann siad srl. (2) Déantar tástáil ar inniúlacht bhunúsach shochtheangeolaíoch chomh maith.
  • Ba chóir go mbeadh na hiarrthóirí in ann frásaí a úsáid chun bunteagmháil shóisialta a dhéanamh, m.sh. beannú do dhuine, slán a fhágáil, cead a iarraidh, buíochas a thabhairt, leithscéal a ghabháil srl.

Cuirtear treoir chinnte agus oiliúint chuimsitheach maidir le measúnú ar fáil do na scrúdaitheoirí a bheidh i mbun na scrúduithe cainte.


writing essays