Áiseanna ar líne / Resources for Learning Irish
Foclóirí / Dictionaries
- Foclóir.ie
- Téarma.ie
- Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill
- English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe)
- Teanglann.ie / An Foclóir Beag
Foclóir.ie
This is a searchable electronic version of the new Concise English-Irish Dictionary. As well as Irish translations for the English content, this dictionary also contains grammatical information and sound files in which you can hear how words are pronounced in different dialects. This feature could be useful if you are unsure how to pronounce words you may meet in your child’s readers or homework. The dictionary also has an app that you can buy at a low price. http://www.focloir.ie/en/
Tá an foclóir seo ar fáil saor in aisce. Tá eolas gramadaí agus comhaid fuaime ann atá an-chabhrach don fhoghlaimeoir. Tá aip an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge ar fáil le ceannach ar chostas íseal. http://www.focloir.ie/ga/
Téarma.ie
This is the National Terminology Database for Irish. The database contains over 338,000 terms, searchable under both Irish and English versions. This site is very useful if you are looking for the Irish or English version of a technical term in domains such as Geography, Sport, IT, Art, Maths and much more. Give it a try!
Seo é an bunachar náisiúnta téarmaíochta don Ghaeilge. Tá os cionn 338,000 téarma ar fáil sa bhunachar agus iad inchuardaithe faoi na leaganacha Gaeilge agus Béarla. Tá an suíomh seo an-úsáideach má tá leagan Gaeilge nó Béarla ag teastáil uait ar choincheap Tíreolaíochta, Spóirt, Ríomhaireachta, Ealaíne, Matamaitice agus go leor eile. Bain triail as!
Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill
This is a searchable electronic version of Ó Dónaill’s Irish-English Dictionary. To look up a word, you simply type the word in the search box and click to find the relevant information in Foclóir Gaeilge-Béarla. The entry or entries for that word in Foclóir Gaeilge-Béarla are given first, followed by any related entries, followed by sample phrases in which the search word occurs under other entries within Foclóir Gaeilge-Béarla. Very useful if you want to check the meaning of an Irish word or want to find out further grammatical information about a verb or noun.
http://www.teanglann.ie/ga/fgb/🇮🇪
http://www.teanglann.ie/en/fgb/🇬🇧
Tá leagan leictreonach inchuardaithe d’fhoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill ar fáil ar an suíomh seo. Chun teacht ar fhocal ar leith, ní gá ach an focal sin a chur sa bhosca cuardaigh agus cliceáil chun teacht ar an eolas ábhartha mar atá in Foclóir Gaeilge-Béarla. Tugtar iontráil nó iontrálacha an fhocail sin in Foclóir Gaeilge-Béarla ar dtús, ansin iontrálacha gaolmhara más ann dóibh, ansin frásaí samplacha ina bhfaightear an focal cuardaigh faoi iontrálacha eile in Foclóir Gaeilge-Béarla. Tá an foclóir seo an-úsáideach má tá focal Gaeilge agat agus tú ag iarraidh brí an fhocail sin a sheiceáil nó má tá tú ag iarraidh eolas gramadaí a lorg.
English-Irish Dictionary de Bhaldraithe
This is a searchable electronic version of de Bhaldraithe’s English-Irish Dictionary. To look up a word, simply type the word in the search box and click to find the relevant information in English-Irish Dictionary. The entry or entries for that word in English-Irish Dictionary are given first, followed by any related entries, followed by sample phrases in which the search word occurs under other entries within English-Irish Dictionary. Very useful if you want to check the Irish version of an English noun, adjective or verb or want to find out further grammatical information about them.
https://www.teanglann.ie/en/eid/🇬🇧
https://www.teanglann.ie/ga/eid/🇮🇪
Is leagan leictreonach inchuardaithe é seo d’fhoclóir Béarla-Gaeilge de Bhaldraithe.
Chun teacht ar fhocal ar leith, ní gá ach an focal sin a chur sa bhosca cuardaigh agus cliceáil chun teacht ar an eolas ábhartha mar atá in English-Irish Dictionary. Tugtar iontráil nó iontrálacha an fhocail sin in English-Irish Dictionary ar dtús, ansin iontrálacha gaolmhara más ann dóibh, ansin frásaí samplacha ina bhfaightear an focal cuardaigh faoi iontrálacha eile in English-Irish Dictionary. Tá an foclóir seo an-úsáideach má tá leagan Gaeilge d’ainmfhocal, aidiacht nó briathar ag teastáil uait nó má tá tú ag iarraidh eolas gramadaí a lorg.
Teanglann.ie / An foclóir beag
Both of these resources are particularly useful if you or your child want to spell a verb. It will give you the form of the verb in any tense, in any person! Very useful resources, especially if you have a child in the senior classes.
https://www.teanglann.ie/ga/fb/🇮🇪
https://www.teanglann.ie/en/fb/🇬🇧
Tá an dá acmhainn seo an-úsáideach má tá tú féin nó do pháiste ag iarraidh cuid de bhriathar a litriú. Tugtar foirmeacha an bhriathair i ngach aimsir agus i ngach pearsa. Tá na hacmhainní seo an-úsáideach, go háirithe má tá páiste sna hardranganna agat.
Foghlaim na Gaeilge / Learning Irish
- Digital Dialects
- Easy Irish!
- Cúrsa Gaeilge le Liam Ó Maonlaí
- www.easyirish.com
- Gaeilge Don Teaghlach
Digital Dialects
This is a website that teaches vocabulary, spelling and phrases in Irish through interactive games http://www.digitaldialects.com/Irish.htm
Is suíomh é seo a mhúineann focail, litriú agus frásaí beaga as Gaeilge trí chluichí idirghníomhacha.
Easy Irish!
Make learning Irish easy with this fun and informative online course perfect for all the family. The taster course contained in Easy Irish! focuses on useful everyday language that you can use in a wide range of situations. The course aims to give those who use it the confidence to speak Irish and to help them understand Irish speakers from various parts of the country. The emphasis is on developing listening and speaking skills.
http://www.rte.ie/easyirish/index.html
Is cúrsa taitneamhach ar líne atá i gceist le Easy Irish! atá oiriúnach don teaghlach ar fad! Tá réamhbhlaiseadh den chúrsa ar fáil ar líne a dhíríonn ar ghnáth-theanga shimplí a d’fhéadfaí a úsáid i réimse leathan suímh. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa muinín a chothú san fhoghlaimeoir chun go dtuigfidh sé/sí cainteoirí Gaeilge ó cheantair éagsúla ar fud na tíre. Leagtar béim ar scileanna labhartha agus éisteachta ann.
Cúrsa Gaeilge le Liam Ó Maonlaí
This course was created to help you learn, or re-learn, a range of simple words, phrases and expressions on everyday topics that can be easily used in your own daily life. There are no accompanying textbooks, so simply listen, repeat and enjoy an cúpla focal for yourself!
https://www.youtube.com/watch?v=Bf9mIckJGV4&list=PL2D6CDB968FB72FA5
http://www.independent.ie/life/family/learning/learn-irish-with-liam-o-maonlai-26460087.html
Cruthaíodh an cúrsa seo le cabhair a thabhairt don fhoghlaimeoir focail shimplí, frásaí agus nathanna a fhoghlaim nó a athfhoghlaim. Pléitear le téamaí coitianta ón saol laethúil ann. Níl leabhar ar bith ina theannta – mar sin, ní gá ach éisteacht agus taitneamh a bhaint as an gcúpla focal.
www.easyirish.com
http://www.easyirish.com/category/easy-irish-podcasts/page/2/
A selection of podcasts that allow people to study the language at their own pace. The podcasts are free to download to use when and where you like. It also provides notes that you can download for free to aid in your studies.
Bailiúcháin podchraoltaí a thugann deis do dhaoine foghlaim ag luas a oireann dóibh féin. Tá na podchraoltaí saor in aisce le híoslódáil agus is féidir iad a úsáid nuair is mian leat. Cuirtear nótaí ar fáil chomh maith chun tacú leis an bhfoghlaim.
Gaeilge Don Teaghlach; Irish For The Family (Gaeilge Uladh)
This website was launched in 2022 based on the folder-style book of the same name. Each of the chapters covered on the site includes common phrases in Irish, with an English translations, accompanied by sound files. There are also songs, rhymes and exercises to test what you’ve learned.
Tá an suíomh nua (2022) seo bunaithe ar an leabhar den ainm chéanna. Cosúil leis an leabhar tá 9 caibidil ann, chun abairtí a mhúineadh le tacaíocht ó chomhaid fhuaime. I measc na háiseanna breise tá rainn, amhráin agus measúnuithe.
Áiseanna Eile / Other Resources
Déan Comhrá
Déan Comhrá is aimed at parents and guardians of children attending a naíonra or scoil lán-Ghaeilge. It is focused on simple, practical vocabulary that can be used at home together on a daily basis.
Tá an leabhrán seo dírithe ar thuismitheoirí agus chaomhnóirí a bhfuil a gcuid páistí ag freastal ar naíonra nó ar scoil lán-Ghaeilge.
Forvo
‘All the words in the world. Pronounced.’
Suíomh iontach do dhaoine atá suim acu i dteangacha.
Abair.ie
An online voice synthesiser for Irish; option to choose from three Gaeltacht pronunciations.
Glórtha sintéise don Ghaeilge leis na trí mhórchanúíntí clúdaithe – Gaeilge Uladh, Chonnacht agus na Mumhan.