Saol Teaghlaigh / Family Life
Useful phrases / Frásaí áisiúla
Here are some useful phrases to use with your child and with the school community.
Seo frásaí áisiúla le húsáid le do leanbh agus le pobal na scoile.
Déan Comhrá (PDF) – full of simple, practical vocabulary, aimed at parents and guardians of children attending a naíonra or Irish-medium school.
Déan Comhrá ar YouTube – images, voice-over and a multilingual subtitle option to help make learning easier.
Déan Comhrá ar X (Twitter) – vocab teaching images; foclóir ar ábhair i do shaol.
Frásaí Do Thuismitheoirí (PDF) – 11 page booklet of useful phrases for parents.
Gaeilge Don Teaghlach – a new website (2022) based on the learning package Gaeilge Don Teaghlach; Irish For The Family; Gaeilge Uladh from Coiste Forbartha Charn Tochair.
Acmhainní do thuismitheoirí / Resources for Parents – four tip sheets below have been developed to help parents support their children as they learn Irish. Déanann gach bileog leide cur síos ar ghníomhaíochtaí is féidir le tuismitheoirí a dhéanamh le pháiste sa bhaile ‘as Gaeilge’.
Teilifís 7 Físeáin / Television & Videos
- TG4 - Cúla4
- Amhráin Do Leanaí / Songs for kids
- Rainn agus Dánta / Rhymes & Poems
- Bia Linn (cooking for kids)
TG4 online
Did you know that the TG4 online player has podcasts of some of their most popular children’s programmes, as well as stories being read aloud by well-known Irish personalities? Check out the children’s section on their website, or get the Aip (app), to find a programme all the family will enjoy and learn from.
An bhfuil a fhios agat gur féidir breathnú ar chláir éagsúla do pháistí agus éisteacht le scéalta á léamh ag pearsana éagsúla ar sheinnteoir TG4? Breathnaigh ar rannóg na bpáistí ar an suíomh, nó faigh an aip, chun teacht ar chlár a thaitneoidh leis an teaghlach ar fad!
Songs in Irish for young children. Our most popular playlist and it’s easy to see why!
The words for Christmas songs are available on this page of our website: https://gaeloideachas.ie/document/amhrain-na-nollag/?lang=ga
Bailiúchán d’amhráin i nGaeilge do ghasúir óga agus ár seinnliosta is mó a bhfuil tóir air.
Tá focla d’amhráin na Nollag ar fáil ar ár suíomh anseo: https://gaeloideachas.ie/document/amhrain-na-nollag/?lang=ga
Rhymes and poetry for young children. Fun and learning for all!
Bailiúchán de rainn agus dánta i nGaeilge do ghasúir óga. Spraoi agus foghlaim do chách!
This is a great resource from TG4. A fun cookery programme as Gaeilge with Muireann and guest children. A great feature is the recipe section – you can access recipes from the programme in Irish or in English (choose the language at the top of the page). Another fun part of the site is the Song section where you can click on each of the programme’s songs, get the lyrics and sing along!
Seo acmhainn iontach ó TG4. Clár álainn cócaireachta le Muireann Ní Chíobháin agus a cairde óga. Is iontach mar is féidir leat teacht ar na hoidis ón gclár – roghnaigh ‘Gaeilge’ nó ‘Béarla’ ar bharr an leathanaigh. Is féidir teacht ar na hamhráin ón glár chomh maith – brúigh ar aon cheann de na hamhráin agus gheobhaidh tú na focail agus na foinn – seo libh ag amhrán!
Dlúthcheirníní / CDs
Why not play some Irish songs in the car? You’d be surprised how quickly the children (and you!) pick up the words. Here are a few CDs that are very popular.
- Picnic Teidí
- Rabhlaí Rabhlaí
- Sicín Sona Sásta
- Gugalaí Gug
- Peigín Leitir Móir
- Maidin sa Naíonra
- Bliain na nAmhrán
- Plúra Lúra agus na Bopóga
- Fios Feasa
Picnic Teidí
A fun-filled CD of orignal songs and rhymes for children (aged 0-8). Ideal for family enjoyment!
Amhráin nua agus rannta spraíúla do pháistí cumtha ag Sadhbh Rosenstock. Bí ag spraoi, ag ceol agus ag damhsa le Picnic Teidí!
Rabhlaí Rabhlaí
A collection of rhymes sung and spoken in the Munster dialect by three generations of singers/storytellers.
Bailiúchán rannta á gcanadh agus á n-athrá i gcanúint na Mumhan.
Sicín Sona Sásta
This cd is the result of a project in the West Kerry Gaeltacht where singers visit primary schools to teach songs. It is suitable for children attending naíonraí to upper primary level, though adults will love to sing along as well! Some very catchy tunes – Seanfhear Grinn is especially popular!
D’eascair an dlúthdhiosca seo as tionscadal atá ar bun i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, áit a dtugann amhránaithe cuairt ar bhunscoileanna áitiúla chun amhráin a mhúineadh dóibh. Tá sé oiriúnach do pháistí atá ag freastal ar naíonraí nó ar an mbunscoil, cé go mbainfidh daoine fásta an-sult as na hamhráin a chanadh chomh maith. Tá roinnt mhaith fonn a fhanfaidh leat, ina measc tá an fonn Seanfhear Grinn a thaitníonn go mór leis na páistí!
Gugalaí Gug
This collection of traditional children’s rhymes consists of a full-colour book and lavishly-produced audio CD. There are 29 tracks on the album.
Cnuasach de rannta traidisiúnta na Gaeilge, i bhfoirm leabhair lándaite agus dlúthdhiosca a bhfuil léiriúchán maisiúil déanta air.
Peigín Leitir Móir
A beautiful collection of traditional songs and rhymes from the Irish tradition. Performed by familiar Conamara voices, this book also introduces a new generation of wonderful young rhymers and singers. Some well-known songs include Beidh Aonach Amárach, Péigín Leitir Móir and Bean Pháidín. Guaranteed to work its musical magic on children and former children of all ages!
Cnuasach álainn eile, i bhfoirm leabhair agus dlúthdhiosca. Tá bailiúchán ann d’amhráin agus de rannta traidisiúnta do pháistí. Ina measc tá Beidh Aonach Amárach, Péigín Leitir Móir agus Bean Pháidín.
Maidin sa Naíonra
Songs and rhymes for young children performed by Treasa Ní Cheannaigh and Máire Breathnach. Some themes that appear are: Greeting, Activities, Washing hands, Birthdays, Christmas and Lunchtime.
Amhráin agus rannta do pháistí óga a gcanadh ag Treasa Ní Chearnaigh agus Máire Breatnach. Roinntear na hamhráin de réir téamaí. Ina measc tá: Fáiltiú, Gníomhaíochtaí, Nigh na Lámha, Am Lóin, Breithlá, An Nollaig.
Bliain na nAmhrán
Fun songs as Gaeilge for children about the seasons. The cd also comes with lyrics which will help all the family to learn the words and sing along!
Dlúthdhiosca d’amhráin spraíúla do pháistí faoi na séasúir. Tá focail na n-amhrán ar fáil i leabhrán daite a chabhróidh leis an teaghlach ar fad na focail a fhoghlaim agus a chanadh le chéile!
Plúra Lúra agus na Bopóga
This lovely little book is packed full of poems and songs for the younger age group. A CD which has the music for the songs is included.
Sa leabhar seo tá amhráin agus rannta atá oiriúnach do pháistí sna bunranganna. Tá dlúthdhiosca ar a bhfuil ceol na n-amhrán ag gabháil leis an leabhar.
Fios Feasa has published many CD-Roms and CDs that are aimed at children of all ages, as well as adults. Their products encompass early-years reading, learning Irish, games and activities. Primary-school children will love the CD-ROM based on the books about the mischievous Ruairí and his friends. Another great resource is the CD Amhrán is Fiche. You can view their products at www.fiosfeasa.com.
Tá CD-ROMs agus dlúthdhioscaí dírithe ar leanaí ag aoiseanna éagsúla, mar aon le daoine fásta, foilsithe ag Fios Feasa. Tá a gcuid foilseachán dírithe ar an léitheoireacht, ar fhoghlaim na Gaeilge, ar chluichí agus ar acmhainní idirghníomhacha. Beidh leanaí bunscoile tógtha leis an CD-ROM atá bunaithe ar an rógaire Ruairí is a chairde. Acmhainn álainn eile ná an dlúthdhiosca Amhrán is Fiche. Tá catalóg ar fáil ag www.fiosfeasa.com.
Leabhair / Books
There are lots of wonderful Irish-language books that are suitable for all age groups available from different publishing companies. We have included a small selection here.
Tá réimse leathan leabhar Gaeilge atá oiriúnach don teaghlach ar fad ar fáil ó chomhlachtaí éagsúla. Níl sa rogha thíos ach blaiseadh.
An Gúm
An Gúm has a large selection of books and other resources to support the learning of Irish and Irish-medium education in general. These include school textbooks and resources, reading materials for all ages and e-books. Have a look at their catalogue to find out more!
http://www.forasnagaeilge.ie/about/an-gum/catalogues/?lang=en
Cuireann An Gúm foilseacháin agus áiseanna ar fáil a thacaíonn leis an oideachas trí mheán na Gaeilge agus le húsáid na Gaeilge i gcoitinne. Ag plé le foilsiú téacsleabhar agus áiseanna scoile, le hábhar léitheoireachta don aos óg agus don phobal mór is mó a bhíonn An Gúm. Le tamall de bhlianta tá raidhse ríomhleabhar foilsithe acu chomh maith. Tabhair sracfhéachaint ar a gcatalóg chun tuilleadh eolais a fháil!
http://www.forasnagaeilge.ie/about/an-gum/catalogues/?lang=ga
Cló Iar-Chonnacht
Cló Iar-Chonnacht publishes Irish-language books and Irish traditional music. They offer an extensive range of Irish-language books and traditional albums for sale on their website and in their shop in Connemara. You can find books suitable for all age groups in their catalogue.
Foilsíonn Cló Iar-Chonnacht leabhair i nGaeilge agus ceol Gaelach. Díolann siad réimse leathan leabhar agus albam ar a suíomh gréasáin agus óna siopa leabhar i gConamara.
Futa Fata
Futa Fata publishes Irish-language books and Irish traditional music. They offer an extensive range of Irish-language books and multi-media for sale on their website and through bookshops. You can find books suitable for all age groups in their catalogue.
Foilsíonn Futa Fata leabhair i nGaeilge agus ceol Gaelach. Díolann siad réimse leathan leabhar agus albam ar a suíomh gréasáin agus i siopaí leabhar ar fud fad na tíre.
Léitheoirí Neamhspleácha (5-8) bliana
Leabhar Breac
Leabhar Breac publishes Irish-language books for all ages. Many of their best selling titles for young children are based on popular French, Catalan and Spanish books.
Foilsíonn Leabhar Breac leabhair i nGaeilge do ‘chuile aois. Tá roinnt desna leabhra do ghasúir óga is mó atá acu bunaithe ar sraitheanna i bhFraincis, Català agus Spáinis.
An tSnáthaid Mhór
An tSnáthaid Mhór publishes colourful Irish books for children. The popular series about Rita is available as e-books as well.
Foilsíonn Leabhar Breac leabhair ildathach i nGaeilge do ghasúir d’achan aois. Leabhair nua-chumadh ag scríbhneoirí ar nós Máire Zepf agus aistriúcháin ó theangacah eile. Tá an tsraith Rita ar fáil mar r-leabhair freisin.
Pre-reading Books
Babaí Beag
The high-contrast pictures and colours in these beautifully illustrated books will captivate babies’ attention and stimulate their developing senses as they interact with the world around them.
Leabhair chairtchláir ildaite a d’fhéadfadh tuismitheoirí a léamh do leanaí óga. Baintear úsáid as dathanna ardchodarsnachta chun dul i bhfeidhm ar leanaí óga agus chun a gcéadfaí a spreagadh.
An Chéad 100 Uimhir
This brightly illustrated ‘lift the flap’ book is a fun and interactive introduction for children learning to count in Irish from 1 to 10. A grid of numbers 1-100 is also listed at the back of the book.
Cé mhéad ainmhí atá sa chró? Cuardaigh na crosóga mara! Cá bhfuil na ceithre bhóín Dé? Bainfidh páistí óga an-spraoi as an leabhar daite seo. Tá breis is 50 cluaisín ann a chabhróidh leis an bpáiste eolas a chur ar uimhreacha agus ar an gcomhaireamh.
Léann Bran an t-am!
Join Bran for another busy day. Turn the moveable hands of the built-in clock face to show when Bran does all the different things in his busy day from breakfast to bedtime, with lots of fun in between.
Léigh an t-am in éineacht le Bran! Bog lámha an chloig agus feicfidh tú an lá fada atá curtha isteach ag ár ngadhairín groí – ó am bricfeasta go ham luí.
Gaschaint
A book with 2000 useful phrases for those who wish to speak Irish to their children. The three main dialects are included and these are colour coded for ease of use. All the main areas of conversation and everyday topics are covered, including the following: In the Morning, School, Bath time, Parties and the Weather. Accompanied by three colour-coded CDs with contain all the phrases.
An raibh tú riamh ag iarraidh an focal ceart a aimsiú agus tú ag labhairt Gaeilge le do pháiste? Tá réiteach ann ar an bhfadhb. Leabhar frásaí, mar aon le bosca dlúthdhioscaí dóibh siúd atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt lena gclann. Breis is 2000 leagan cainte ann ó na trí mhórchanúint faoi ghnáthimeachtaí an lae. Caint bheo na Gaeltachta atá ar na dlúthdhioscaí.
Cluichí Cláir / Board Games
Biongó Bia
A bingo game for children aged 5-12 years based on the theme of food. Up to 36 people can play.
Cluiche biongó é seo do pháistí 5-12 bliain d’aois. Tá sé bunaithe ar an téama ‘bia’ agus tá sé oiriúnach do suas le 36 imreoir.
Biongó Éadaí
A bingo game for children aged 5-12 years based on the theme of clothes. Up to 36 players can participate in the game.
Cluiche biongó é seo do pháistí 5-12 bliain d’aois. Tá sé bunaithe ar an téama ‘éadaí’ agus tá sé oiriúnach do suas le 36 imreoir.
Spraoi le hUimhreacha
The aim of Spraoi le hUimhreacha is to help the player become familiar with numbers in Irish. The game uses numbers as words and digits and covers the following areas: maths, dates, money, time and counting people.
Is cluiche cártaí é Spraoi le hUimhreacha a dhíríonn ar uimhreacha agus ar chomhaireamh. Baintear úsáid as réimse leathan uimhreacha sna cluichí: am an chloig, airgead, maoluimhreacha, uimhreacha pearsanta agus dátaí na bliana.
Junior Scrabble as Gaeilge
Junior Scrabble as Gaeilge is suitable for children aged 5-12. There are two different games on the two-sided board, so that younger children start off with the game ‘Words and Pictures’ and then move onto the more advanced ‘Colours and Counting’ game when they’re ready.
Tá Junior Scrabble as Gaeilge oiriúnach do pháistí aois 5-12. Tá dhá chluiche ar leith ar an gclár déthaobhach, ionas gur féidir le páistí níos óige tosú leis an gcluiche ‘Focail agus Pictiúir’ agus ansin bogadh ar aghaidh go dtí cluiche níos casta ‘Dathanna agus Comhaireamh’ nuair atá siad réidh chuige.
Monopoly as Gaeilge
Travel around Ireland in one day and take part in the fast-paced life of the buying and selling of big houses, hotels and land. Monopoly as Gaeilge will take you on a journey through various aspects of Irish life. Go find your favourite places, throw the dice and create your own empire in this new version of Monopoly that has been created by Glór na nGael.
Taistil timpeall na hÉireann in aon lá amháin agus glac páirt i ndíol agus i gceannach tithe móra, óstán agus talún. Tabharfaidh an leagan seo de Monopoly ar thuras tú trí ghnéithe éagsúla de shaol na hÉireann. Aimsigh na háiteanna is fearr leat, caith na díslí agus cruthaigh d’impireacht féin sa leagan nua seo de Monopoly atá forbartha ag Glór na nGael.
Eile / Other
Tús Maith
Tugann Tús Maith tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógáil a gclann le Gaeilge chomh maith leo siúd gur mian leo níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile. Eagraíonn siad imeachtaí i gCorca Dhuibhne chun tacú le tuismitheoirí ach anuas air sin tá suíomh gréasáin áisiúil acu a thugann eolas mar gheall ar an dátheangachas, acmhainní tacaíochta agus imeachtaí a thacaíonn le teaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge.
Tús Maith is an initiative of Oidhreacht Chorca Dhuibhne in Co. Kerry to support families raising their children with Irish and also those who wish to use more Irish in their daily lives. Even though you might not be able to attend the events they organize in west Kerry, the website has some useful resources – on bilingualism in general, general resources for bilingual families and information on events.
cheap buying sites