Does your child attend an Irish-medium primary school?
An bhfuil do leanbh ag freastal ar bhunscoil lán-Ghaeilge?
An bhfuil do leanbh ag freastal ar bhunscoil lán-Ghaeilge? An bhfuil tú féin ag freastal ar rang Gaeilge? Rang Gaeilge i scoil do leanbh, b’fhéidir, nó rang Gaeilge sa phobal? B’fhéidir go bhfuil do mhúinteoir ag baint úsáide as ábhar ranga ón suíomh seo – ábhar ranga atá dírithe ar na riachtanais teanga atá ag tuismitheoirí a bhfuil a gcuid leanaí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht. Má tá, féadfaidh tú féachaint siar ar na bileoga ranga ar an suíomh seo, féadfaidh tú féachaint arís ar na físeanna ar baineadh úsáid astu sa rang, féadfaidh tú úsáid a bhaint as na téipscripteanna agus féachaint ar liostaí stór focal ceangailte leis na topaicí ranga.
Does your child attend an Irish-medium primary school? Are you attending an Irish language class – in your child’s school maybe, or a general language class for the public? Perhaps your teacher is using the classroom materials on this site – classroom materials which are specially developed for the language requirements of parents of children in Irish-medium education schools, including schools in Gaeltacht areas. If so, you can access some of the classroom handouts here, you can review the video texts used in class, you can access transcripts of the video texts.
An bhfuil tú ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoi na hacmhainní a d’fhéadfadh cabhrú leat féin agus le do leanbh agus sibh ag gabháil trí oideachas lán-Ghaeilge le chéile? Ar an suíomh seo gheobhaidh tú eolas maidir le roinnt de na hacmhainní tacaíochta atá ar fáil.
Would you like to learn more about the resources which could be useful for you and for your child as you go through Irish-medium education together? You can learn about and access some of those resources on this site.