Moltaí ginearálta do mhúinteoirí

Home / Moltaí ginearálta do mhúinteoirí
  • Chomh maith leis na siollabais agus na scrúduithe samplacha, tá ábhar teagaisc samplach le fáil ar http://www.teg.ie. Tá an t-ábhar leagtha amach de réir na dtopaicí sna siollabais. Tá treoracha ann don mhúinteoir, bileoga oibre don fhoghlaimeoir chomh maith le míreanna éisteachta agus físe. Tá fáilte roimh mhúinteoirí an t-ábhar a úsáid saor in aisce ach moltar go láidir dóibh é a chur in oiriúint do riachtanais an ghrúpa foghlaimeoirí atá acu féin.
  • Chun go mbeidh iarrthóirí ar a suaimhneas agus muiníneach agus iad dul isteach sa scrúdú, tá sé fíorthábhachtach go mbeidh siad eolach ar leagan amach an scrúdaithe cainte. Ba cheart go mbeadh tascanna cainte (bunaithe ar na cinn atá leagtha amach sna scrúduithe samplacha don leibhéal seo) ina gcuid lárnach d’aon chlár teagaisc nó d’aon chúrsa ullmhúcháin don scrúdú seo. D’fhéadfadh an múinteoir tascanna a bhunú ar na cinn shamplacha atá ar fáil ar an suíomh seo.
  • Tuigeann na scrúdaitheoirí go mbíonn iarrthóirí neirbhíseach sa scrúdú cainte agus bíonn siad breá sásta ceisteanna a chur an athuair sa chás nach dtuigfeadh an t-iarrthóir an cheist an chéad uair. Tá sé tábhachtach go mbeadh frásaí ar eolas ag an iarrthóir le cabhrú leis an chumarsáid idir é/í féin agus an scrúdaitheoir cainte. D’fhéadfaí úsáid a bhaint as nathanna den chineál ‘Ní thuigim an cheist sin’, ‘Ní thuigim an focal x’, nó ‘Ar mhiste leat é sin a rá arís, le do thoil?