An múinteoir tú atá ag múineadh rang Gaeilge do thuismitheoirí?
An múinteoir tú atá ag múineadh rang Gaeilge do thuismitheoirí? I mbunscoil lán-Ghaeilge b’fhéidir? Nó rang oíche amuigh sa phobal? Ar an suíomh seo gheobhaidh tú ábhar teagaisc samplach do do chuid ranganna, ábhar samplach atá bunaithe ar shainriachtanais tuismitheoirí.
Tá an t-ábhar samplach rangaithe de réir topaice. Ag tagairt do gach topaic tá ábhar físe i gcanúintí éagsúla agus tá tascanna samplacha don seomra ranga bunaithe ar an ábhar físe sin. Tá na tascanna samplacha deartha ag dhá leibhéal ginearálta teanga – Leibhéal A2 agus Leibhéal B1 de chuid Chomhairle na hEorpa. Tá tuilleadh eolais faoi na leibhéil seo le fáil ag www.teg.ie
Nóta: Is tascanna samplacha atá i gceist leis an ábhar teagaisc, seachas plean ceachta. Tá fáilte roimh mhúinteoirí a gcuid ábhar teagaisc féin a bhunú ar na físeanna agus moltar dóibh na tascanna atá deartha anseo a chur in oiriúint do riachtanais a ngrúpaí féin. An aidhm atá leis na tascanna ná a léiriú cad a d’fhéadfaí a dhéanamh sa seomra ranga leis na míreanna físe áirithe sin.
Conas an suíomh a úsáid mar mhúinteoir?
Nuair a rachaidh tú chuig an rannóg Ábhar Ranga ar an suíomh, feicfidh tú liosta topaicí atá bunaithe ar riachtanais tuismitheoirí.
-
Tá mír(eanna) físe ag dul le gach topaic.
-
Tá tascanna ranga bunaithe ar na míreanna físe.
-
Tá téipscript ag dul le gach mír físe.
-
Anuas ar na tascanna ranga atá bunaithe ar an mír físe, tá ábhar eile a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach don seomra ranga nó a d’fhéadfadh tuismitheoirí a úsáid sa bhaile iad féin. Féach an rannóg “ábhar breise”. Sampla den chineál seo ábhair ná crosfhocal bunaithe ar stór focal na topaice, bileog stór focal chun dul siar ar stór focal na topaice, cluiche teanga srl. Is féidir leatsa mar mhúinteoir na hacmhainní seo a úsáid sa seomra ranga nó is féidir leat na tuismitheoirí a chumasú chun úsáid a bhaint astu iad féin sa bhaile.
-
Moltar do mhúinteoirí na tuismitheoirí a spreagadh le féachaint in athuair ar na físeanna sa bhaile agus an téipscript a úsáid chun cur lena gcuid tuisceana.