Ábhar Breise don Mhúinteoir / Extra Teaching Resources

Home / Ábhar Breise don Mhúinteoir / Extra Teaching Resources

Sa rannóg seo tá roinnt gníomhaíochtaí ranga a bheadh úsáideach don té atá ag múineadh ranganna Gaeilge do thuismitheoirí. Tá cluichí teanga, bileoga plé, cluichí stór focal agus gníomhaíochtaí eile ar fáil ann, mar aon le treoir don mhúinteoir maidir le conas iad a úsáid. Tá siad rangaithe de réir dhá leibhéal teanga – Sraith 1 agus Sraith 2. Ná déan dearmad go bhfuil ábhar ranga eile ar an suíomh seo chomh maith – tascanna samplacha ranga atá bunaithe ar mhíreanna físe. Féach an rannóg ‘Ábhar Ranga’ chun teacht ar na físeanna agus ar na tascanna sin!

Aidiachtaí – cluiche

Seo cluiche simplí a d’fhéadfaí a úsáid chun gnáthaidiachtaí laethúla a chleachtadh.
PDF file

Ainmhithe – cluiche

Seo cluiche simplí a d’fhéadfaí a úsáid chun cleachtadh a dhéanamh ar aidiachtaí agus ar stór focal a bhaineann le hainmhithe.
PDF file

An chlann agus gaolta

Seo gníomhaíocht is féidir a úsáid nuair atá stór focal a bhaineann le clann agus gaolta curtha i láthair na bhfoghlaimeoirí. Tugtar deis do na foghlaimeoirí na focail a chur in abairtí le linn na gníomhaíochta.
PDF File

Ainmhithe óga – cluiche

Is minic i bpictiúr-leabhair do pháistí a fheictear pictiúir d’ainmhithe agus d’ainmhithe óga, ach ní minic a bhíonn an stór focal seo ag tuismitheoirí.
Seo cluiche simplí a d’fhéadfaí a úsáid chun an stór focal seo a chleachtadh.
PDF File

Obair tí – briathra agus pictiúir

Seo cluiche simplí a d’fhéadfaí a úsáid chun briathra a bhaineann le hobair tí nó leis an saol teaghlaigh a chur i láthair nó a chleachtadh.
PDF File

Uimhreacha pearsanta – cur i láthair

Seo gníomhaíocht a n-éiríonn go maith léi chun na huimhreacha pearsanta a chur i láthair don chéad uair.
PDF File

An Corp – crosfhocal

Seo crosfhocal simplí chun an stór focal a bhaineann leis na baill choirp a chleachtadh.

An Corp. PDF File

An Teach – crosfhocal

Seo crosfhocal simplí chun an stór focal a bhaineann leis an téama An Teach a chleachtadh.

An Teach. PDF File

Obair Bhaile – téarmaí mata

Seo gníomhaíocht a phléann le téarmaíocht na matamaitice. Cuirtear stór focal i láthair agus ansin faigheann na foghlaimeoirí deis na focail sin a chur i gcomhthéacs.
PDF file PDF File

An Chlann – cuardach focal

Is féidir le foghlaimeoirí focail a bhaineann leis an téama An Chlann a chleachtadh anseo.

PDF file

Bia agus Deoch – crosfhocal

Tá stór focal a bhaineann leis an téama Bia agus Deoch sa chrosfhocal seo.

bia-agus-deoch-crosfhocal-sraith-1

Míonna na bliana – cuardach focal

Tá míonna na bliana i bhfolach sa chuardach focal seo.

PDF file

Cóisirí – rólghníomhaíocht

Seo gníomhaíocht atá bunaithe ar chóisirí do leanaí.
PDF File

Cúrsaí bia – cluiche ′cócairí′

Seo cluiche atá bunaithe ar oidis.
PDF File

Cúrsaí bia – suirbhé

Is saorchleachtadh éifeachtach an ghníomhaíocht seo chun focail a bhaineann le cúrsaí bia a chur i gcomhthéacs.
PDF File

Obair bhaile – plé

Seo bileog plé bunaithe ar an topaic ‘obair bhaile’. Táthar ag glacadh leis go bhfuil obair ar stór focal a bhaineann leis an topaic seo déanta leis na foghlaimeoirí roimh ré.
PDF File

Obair tí – tascanna ranga

Seo bileog plé bunaithe ar an topaic ‘obair tí’. Táthar ag glacadh leis go bhfuil obair ar stór focal a bhaineann leis an topaic seo déanta leis na foghlaimeoirí roimh ré.
PDF File

Tuairiscí scoile – rólghníomhaíocht

Seo rólghníomhaíocht atá bunaithe ar thuairiscí scoile.
PDF File

Matamaitic – crosfhocal

Tá an crosfhocal seo bunaithe ar na téarmaí matamaitice a thagann chun cinn san obair bhaile.

Matamaitic. PDF File

Pearsantachtaí – crosfhocal

Tá stór focal áisiúil chun cur síos a dhéanamh ar thréithe daoine sa chrosfhocal seo.

Pearsantachtaí. PDF File

An Nollaig – crosfhocal

Tá stór focal a bhaineann leis An Nollaig sa chrosfhocal seo.

PDF File

Ag déanamh socruithe – dialann tuismitheoirí

Seo saorchleachtadh atá áisiúil chun cleachtadh a dhéanamh ar na feidhmeanna teanga a bhaineann le socruithe a dhéanamh.

PDF File

Litriú – treoir i mBéarla

This is a handy guide to spelling in Irish. It’s worth having a look if you are helping your child learn spellings in Irish.
PDF File