Sa chás seo déanann iarrthóirí an scrúdú cainte amháin.
Beidh Foireann TEG sásta scrúduithe cainte, atá curtha in oiriúint do thuismitheoirí atá ag freastal ar chúrsa Gaeilge, a chur ar siúl go háitiúil ag amanna éagsúla i gcaitheamh na bliana ach íosmhéid 15 duine a bheith sa ghrúpa. Más mian le rang go gcuirfí scrúdú cainte ar fáil is féidir leis an mhúinteoir dul i dteagmháil le hIonad na dTeangacha (teanga@nuim.ie) chun é seo a phlé.
Sa chás seo, tabharfaidh iarrthóirí faoin scrúdú iomlán (cluastuiscint, léamhthuiscint, scríbhneoireacht agus scrúdú cainte).
Féach: http://www.teg.ie chun tuilleadh eolais a fháil faoi na hionaid scrúdaithe, an táille agus an córas clárúcháin.