Cad é atá i gceist?
Léiríonn taighde go bhfuil ról tábhachtach ag córas scrúduithe chun cabhrú le múinteoirí agus foghlaimeoirí spriocanna réadúla, indéanta a leagan síos don fhoghlaim teanga. Cabhraíonn cur chuige grádaithe le foghlaimeoirí teanga leanúint leis an staidéar agus iad ag dul ó leibhéal go leibhéal. Cuireann teastas deimhniú neamhspleách ar fáil d’fhoghlaimeoirí maidir leis na láidreachtaí agus na laigí atá acu ag pointí faoi leith den phróiseas foghlama.
Is mar gheall ar na cúiseanna sin a thugann daoine faoi scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Is éard atá in TEG ná córas scrúduithe a chuireann cáilíochtaí ar fáil do dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge. Tugann scrúduithe TEG deis d’iarrthóirí deimhniú a fháil ar a gcumas sa teanga ag cúig leibhéal, ó ghlantosaitheoirí go leibhéil ardchumais.
Chun tacú le hiarrachtaí tuismitheoirí agus iad ag foghlaim Gaeilge, rinneadh scrúduithe samplacha cainte ag dhá leibhéal teanga a fhorbairt mar ghné den togra ‘Gaeilge do Thuismitheoirí’. Tá na scrúduithe sin le fáil ar an suíomh seo, mar aon le heolas ginearálta faoi chóras TEG a bheadh úsáideach do mhúinteoirí ar mian leo foghlaimeoirí a ullmhú do na scrúduithe.
Tá siollabais agus scrúduithe ag cúig leibhéal forbartha ag Ionad na dTeangacha, Ollscoil Mhá Nuad.
Tá an t-ábhar teagaisc agus foghlama atá ar an suíomh, agus na scrúduithe samplacha atá sa rannóg seo, oiriúnach dóibh siúd a bhfuil sé i gceist acu tabhairt faoi Scrúdú Bhonnleibhéal 2 (A2) nó Scrúdú Mheánleibhéal 1 (B1).
Is féidir breis eolais a fháil faoi seo ag an nasc seo.